
CAITHFIDH gach Oibrí Calafoirt, Cuairteoir agus Conraitheoir ar gá dóibh dul isteach sna Comhlimistéir d’Úsáideoirí Pas Chalafort Átha Cliath a líonadh
Thug Cuideachta Chalafort Bhaile Átha Cliath (DPC) isteach ceanglas éigeantach Sláinte & Sábháilteachta agus slándála ar a dtugtar ‘Dublin Port Pass’ in 2020.
Tá sé ina riachtanas éigeantach anois do gach fostaí calafoirt, tionóntaí, conraitheoirí, criú long agus cuairteoirí a dteastaíonn rochtain uathu ar na Limistéir Chomhchoiteanna Úsáideora i gCalafort Bhaile Átha Cliath (féach an léarscáil) chun próiseas rialaithe rochtana agus ionduchtaithe dhá chéim a chur i gcrích go rathúil:
Céim a hAon
Cúrsa ionduchtúcháin Phas Chalafort Átha Cliath a chur i gcrích go rathúil
Céim a Dó
Cuir isteach ar Chárta um Rialú Rochtana
Dearadh cúrsaí ionduchtúcháin Phas Chalafort Átha Cliath mar chuid de thiomantas Dublin Port Company i leith na sábháilteachta. Caithfidh Úsáideoirí an Chalafoirt modúl oiliúna ábhartha Phas Chalafort Átha Cliath a chur i gcrích le rochtain a fháil ar limistéir* taobh istigh de Chalafort Átha Cliath atá ainmnithe mar teoranta. Ar chríochnú rathúil Phas Chalafort Átha Cliath, beidh tú ábalta cur isteach ar Chárta um Rialú Rochtana de chuid Chalafort Átha Cliath. Leis an gcárta sin beidh tú ábalta dul isteach sna limistéir a bhfuil ionduchtúchán déanta agat dóibh
Daoine a bhfuil Cárta um Rialú Rochtana acu cheana: Ní bheidh orthu Céim a Dó a chur i gcrích agus déanfar a gcuid rochtana a nuashonrú go huathoibríoch don limistéar ábharthach nuair a bheidh an t-ionduchtúchán ar líne curtha i gcrích acu go rathúil.
Níl costas ar bith ar an bpróiseas dáchéimneach sábháilteachta agus slándála a chur i gcrích; ach gearrfar €20 as cártaí ionaid um rialú rochtana. Baineann seo leis an tréimhse 2022/2023.
Cá bhfuil an Comhlimistéar d’Úsáideoirí?
Cuimsíonn an Comhlimistéar d’Úsáideoirí na limistéir seo a leanas ar an taobh thuaidh den Chalafort, atá inrochtana ó Bhóthar Alexandra;
-
Cé Alexandra Thoir, a bhfuil trí bheart i seirbhís aici (beartanna 38, 39 agus 40)
-
Cé an Aigéin (Duga Alexandra Thoir), a bhfuil sé bheart ilfheidhme i seirbhís aici (beartanna 32-37), mar aon le dhá rampa Ró-Ró
-
Cé Alexandra Thiar, a bhfuil ceithre bheart i seirbhís aici (beartanna 28-31), mar aon le rampa Ró-Ró amháin
Chomh maith leis sin, tá dhá bheart i seirbhís (beartanna 46-47) ar an taobh theas den Chalafort, áit ar a dtugtar Cé an Ghuail go minic.
*Tabhair do d’aire:
Dublin Port Company (DPC) a dhéanann rochtain a bhainistiú ag: Uimh.1 & 2,an Craobh-bhóthar Theas agus ag Comhlimistéar d’Úsáideoirí South Port
Doyle Shipping Group (DSG) a dhéanann rochtain a bhainistiú ag: Uimh. 3 & 4 , an Craobh-bhóthar Theas – Críochfort Coimeádán Ché Alexandra
CÉIM A hAON: Ionduchtúchán Phas Chalafort Átha Cliath
Óstálann Flex Manager an cúrsa ionduchtúcháin do Phas Chalafort Átha Cliath agus glacfaidh sé thart ar 30 nóiméad le cur i gcrích:
- CLICEÁIL CLÁRAIGH ANOIS -thíos
- ROGHNAIGH an limistéar i gCalafort Átha Cliath a bhfuil tú ag iarraidh rochtain a fháil air*
- CUIR I gCRÍCH an próiseas clárúcháin: Ainm, Seoladh ríomhphoist, Uimhir ghutháin
- FÍORAIGH cé thú féin le grianghraf ó ghléas le ceamara, m.sh. ceamara gréasáin, ríomhaire glúine, fón cliste nó táibléad
- AMHARC AR an bhfíseán ionduchtúcháin; foghlaim faoi na rioscaí agus na riachtanais don tsláinte, sábháilteacht agus slándáil thimpeallachta
- FREAGAIR ceisteanna ilrogha, cuid acu atá éigeantach chun pas a fháil.
- BAIN íos-scór de 80% amach chun pas a fháil
- TÉIGH AR AGHAIDH chuig Céim a Dó agus cuir isteach ar cárta um rialú rochtana nua
Bíonn ar Úsáideoirí Calafoirt Ionduchtúchán Phas Chalafort Átha Cliath a athdhéanamh gach ceithre bliana. Is riachtanas éigeantach é seo le cinntiú go bhfanann caighdeáin an chalafoirt um oiliúint sábháilteachta seasmhach agus suas chun dáta thar gach duine a bhfuil cárta rochtana acu.
DÉAN IONDUCHTÚCHÁN PHAS CHALAFORT ÁTHA CLIATH
CÉIM A DÓ: IARRATAS AR CHÁRTA UM RIALÚ ROCHTANA
Agus Céim a hAon , curtha i gcrích go rathúil acu, tá Úsáideoirí Calafoirt ábalta iarratas a chur isteach ar Chárta um Rialú Rochtana.
Daoine a bhfuil Cárta um Rialú Rochtana acu cheana: Déanfar rochtain a nuashonrú go huathoibríoch don limistéar ábharthach nuair atá an t-ionduchtúchán ar líne curtha i gcrích go rathúil.
Iarrthóirí Nua ar Chárta Rochtana: Cuir isteach ar Chárta um Rialú Rochtana don limistéar a bhfuil tú ag iarraidh rochtain a fháil air (féach an léarscáil):
- CLICEÁIL CUIR ISTEACH ANOIS thíos – Button Below
- ROGHNAIGH an limistéar i gCalafort Átha Cliath a bhfuil tú ag iarraidh rochtain a fháil air*
- COMHLÁNAIGH an fhoirm iarratais ar chárta um rialú rochtana
- UASLÓDÁIL grianghraf digiteach a chloíonn leis na treoirlínte
- SEOL ISTEACH an t-iarratas; gheobhaidh tú ríomhphost nuair atá do chárta réidh
- BAILIGH do chárta um rialú rochtana ón gcuideachta ábhartha* le haitheantas fótagrafach bailí i bhfoirm Pas nó Ceadúnas Tiomána Éireannach/AE atá bailí
*Tabhair do d’aire:
Dublin Port Company (DPC) a dhéanann rochtain a bhainistiú ag: Uimh.No. 1 & 2 an Craobh-bhóthar Theas agus ag Comhlimistéar d’Úsáideoirí South Port
Doyle Shipping Group (DSG) ) a dhéanann rochtain a bhainistiú ag: Uimh.No. 3 & 4 an Craobh-bhóthar Theas – Críochfort Coimeádán Ché Alexandra
TOSAIGH AN tIARRATAS AR CHÁRTA UM RIALÚ ROCHTANA
ACMHAINNÍ ÚSÁIDEACHA
CEISTEANNA COITIANTA
Tá riachtanas éigeantach nua Sláinte agus Sábháilteachta tugtha isteach ag Dublin Port Company darb ainm Pas Chalafort Átha Cliath. Is riachtanas éigeantach é do gach Úsáideoir Calafoirt próiseas dáchéimneach ionduchtúcháin agus rialaithe rochtana a chur i gcrích chun rochtain a fháil ar na Comhlimistéir d’Úsáideoirí i gCalafort Átha Cliath:
Céim a hAon: Cúrsa Ionduchtúcháin Phas Chalafort Átha Cliath a chur i gcrích go rathúil
Céim a Dó: Cuir isteach ar Chárta um Rialú Rochtana