TREOIRLÍNTE GRIANGHRAIF

  • Caithfidh tú grianghraf digiteach a uaslódáil chun iarratas a dhéanamh ar Chárta um Rialú Rochtana de chuid Chalafort Átha Cliath
  • Gheobhaidh tú na Treoirlínte Grianghraif ar dublinport.ie/photo-guidelines-irish
Le hiarratas ar líne a dhéanamh le grianghraf digiteach aitheantais:
  • Bain úsáid as gléas cosúil le fón cliste, iPad, ceamara digiteach nó ríomhaire.
  • Beidh ort iarraidh ar dhuine éigin eile an grianghraf a ghlacadh.
  • Níl féiníní ná “grianghraif de ghrianghraif” ceadaithe.
  • Ná bain úsáid as an bhfeidhm zúmála ar cheamara digiteach ná ar fhón cliste.
  • Caithfidh do ghrianghraf a bheith glactha le 12 mhí anuas.
  • Bain ceannbheart ar bith díot, ach amháin má chaitear é ar chúiseanna creidimh.
  • Seas le cúlra go hiomlán simplí, bánliath, bán nó bánbhuí taobh thiar díot.
  • Déan cinnte go bhfuil an soilsiú agus an dath i do ghrianghraf cothrom.
  • Glac an grianghraf in áit le dea-sholas nádúrtha.
  • Déan cinnte go bhfuil d’aghaidh le feiceáil go soiléir.
  • Tig leat spéaclaí a chaitheamh sa ghrianghraf.
  • Déan cinnte go bhfuil dreach neodrach ort, nach bhfuil tú ag déanamh miongháire agus go bhfuil do bhéal dúnta.
  • Ghlac d’íomhá ó cheann go lár-cabhail, le do cheann i lár an ghrianghraif.
Caithfear na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh i dtaca leis an ngrianghraf:
  • Caithfidh an grianghraf a bheith daite.
  • Ní cheadaítear feabhsuithe digiteacha nó athruithe ar an ngrianghraf.
  • Ní cheadaítear grianghraf atá níos mó ná 9 meigibheart (9MB).
  • Ní cheadaítear grianghraf atá níos lú ná 715 picteilín ar leithead agus 951 picteilín in airde.
  • Caithfidh an grianghraf a bheith san fhormáid bhunaidh JPEG (ní cheadaítear grianghraif chomhbhrúite).

Seiceálfar caighdeán do ghrianghraif le cinntiú go gcomhlíonann sé na treoirlínte thuas. Laghdófar do ghrianghraf go dtí an méid chuí do do chárta um rialú rochtana.